
Tábhairne beag teolaí ar oileán Árainn Mhór. Táimid bródúil as ár gcairdiúlacht agus gheobhfá ceann de na piontaí Guinness is fearr ar domhan anseo agus dram den chéad scoth. Bíonn craic againn i gcónaí agus is breá linn an ceol traidisiúnta. Tá teilgeoirí agus teilifís againn sa teach tábhairne, mar sin is cuma cé mhéad imeacht spóirt a bheidh ar siúl, beidh an chuid is mó acu le feiceáil anseo. Bíonn muid ar oscailt gach lá ag 12 meán lae go dtí thart ar 11 i rith na seachtaine agus 12.30 ag an deireadh seachtaine. Bíonn síntí beáir againn ag na laethanta saoire bainc agus imeachtaí speisialta. Seo an t-aon áit a bhfaighidh tú na páipéir nuachta ar fad Dé Domhnaigh in Árainn Mhór (má tá tú tapa go leor haha). Bígí linn le haghaidh pionta iontach de Guinness cois tine ag amharc amach ar an fharraige ar thrá na Leidhbe Gairbhe.
