
Tá dearcadh leitheadach ann nár chuir an Gorta Mór isteach ar mórán ar bhunadh Árainn Mhó ach tá go leor fianaise againn le cruthú gur a mhalairt a bhí amhlaidh. Go ginearálta, bhíothas den bharúil, go raibh neart éisc agus sliogéisc ag bunadh Árainn Mhó ar feadh fómhór na bliana ach ní hamhlaidh a bhí an cás. I dtús báire, ní raibh ag na hiascairí an uair sin ach an curach agus ní fhéadfaí an curach a chur amach nuair a bhíodh an fharraige garbh agus sa dara háit, rud séasúrach a bhí san iascaireacht. I rith míonna na Samhna agus na Nollag 1846, bhí geimhridh thar a bheith crua i nDún na nGall. Mhair sneachta domhain ar feadh fada go leor agus le linn an ama seo fosta tháinig haicídeacha tíeas agus niúmóine chun cinn. Chuir Cuallacht na gCairde ciste fóirithinte ar bun do Dhún na nGall sa bhliain 1946. I ndeireadh na bliana 1847 tháinig an scríobhneoir agus tuairisceoir cáiliúil Prespitéireach, Anseth Nicholson, go hÁrainn Mhór. Ní thiocfadh leí a chreidbheáil an drochbhail a bhí ar bhunadh an oileáin agus chuir sí an locht iomlán ar Conyngham. Ón am ar leag sí cos ar an oileán a chéaduair go dtí go raibh deireadh leis an ghorta, bhain sí úsáid as clú a hainm le cuidiú a fháil do bhochta an oileáin. Bhí sí i dteagmháil rialta le Cuallacht na gCairde agus le grúpaí éagsúla ina bhaile dúchais, Béal Feirste. As Cuallacht na gCairde a dtáinig an coire thíos a bhí ina úsáid le linn an Ghorta sna coirí anraith.
